Nuachtlitir Chumann Gaelach Leath Chathail Eanáir 2013 Beidhag an Ghaeikge a cheiliúradh le lin 2013 ar fud an oileáin. Beidh idir imeachtaí náisiúnta, imeachtaí sa phobal, comórtais agus tionscadail nua Ghaeilge ar siúl i rith na bliana. Cén fáth 2013? Cuireadh go mór le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge a bhfuil Cumann Gaelach Leath Chathail ina chuid de. In 2013 beimid ag tabhairt aitheantais don dul chun cinn ar fad atá déanta le 120 bliain anuas ag na hea- graíochtaí Gaeilge, na scoileanna agus grúpaí eile ó shin i leith leis an Ghaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn. Tá ionadaithe ó bhreis is 50 eagraíocht (idir eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta, cultúrtha, mac léinn agus eile) ar ghrúpa oibre ag eagrú clár na bliana. Ní amháin sin ach beidh na cé- adta grúpa eile ag reáchtáil imeachtaí in 2013. Cad is féidir leat déanamh i 2013? · Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013 · Páirt a ghlacadh in himeachtaí · Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 (d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Liofa 2015 freisin) · Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht · Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i Tóstal Éirean 2013 Cuir ríomhphost chuig eolas@gaeilge2013.ie le