Join In The Irish Language Week

Celebrating Irish Language Week 2022 with Music, Storytelling, Literature and Fun Online Sessions

Celebrating Irish Language Week 2022 with Music, Storytelling, Literature and Fun Online Sessions

  • Ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2022 le Ceol, Scéalaíocht, Litríocht agus Seisiúin Spraíúla

Beidh Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge 2022 i mbliana trí chlár speisialta ábhar agus imeachtaí ó 1 Márta go Lá Fhéile Pádraig, 17 Márta.  Is í an fhéile is mó ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar theanga dhúchais agus chúltúr na hÉirinn, le himeachtaí iontacha ag tarlú i dtíortha éagsúla go bliantúil.

Bernadette Morris who will be performing in the Irish concert.

Tabharfaidh an clár imeachtaí ar líne deis do dhaoine sult agus taitneamh a bhaint as an Ghaeilge trí cheol, litríocht agus seisiúin spraíúla.  Más glanfhoghlaimeoir thú nó má tá Gaeilge líofa agat, cuirfear fáilte mhór romhat.  Is féidir le ceol agus scéalaíocht muid a spreagadh chun a bheith ag foghlaim, ag fás agus a bheith spreagtha i dtreo na teanga, agus tugann na himeachtaí ar líne deis do dhaoine sult a bhaint as an mheascán ceoil agus litríochta.

I mbliana cluinfimid Miadhachlughain O’Donnell as Caisleán Uidhilín, Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin as Ard Mhacha Theas.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, An Comhairleoir Cathy Mhásún, “Tá lúchair orm go bhfuil pobal áitiúil na Gaeilge in ann teacht le chéile arís leis an teanga a cheiliúradh sa cheantar seo le linn Sheachtain na Gaeilge.  Tá tograí speisialta agus imeachtaí iontacha curtha in áirithe ag an Chomhairle arís i mbliana, agus tá mé ag tnúth go mór le hábhar Gaeilge úrnua a fheiceáil.”

Príomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2022:

Ceolchoirm Fhíorúil

Beidh imeacht speisialta ceolmhar mar chroílár Sheachtain na Gaeilge 2022, ceolchoirm a bheas craolta Dé Luain 14 Márta ar chainéal YouTube na Comhairle agus a bheas roinnte trí chainéil na meán sóisialta.  Déanfar gearrfhíseáin den cheolchoirm a dhéanfaidh ardán do cheoltóirí iontacha sa cheantar, Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin agus Miadhachlughain O’Donnell ina measc. Cluinfimid fosta an glór álainn atá ag Bernadette Morris agus í ag canadh ‘s ag ceol.

Togra Teagaisc ar Líne

Is comhfhiontar é an Togra Teagaisc ar Líne le Conradh na Gaeilge Bhoirche Íochtar agus Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.  Maoinithe ag an Chomhairle agus curtha i gcrích ag CnaG Bhoirche Íochtar, tugann an togra seo deis do níos mó ná 50 daoine i gceantar  na Comhairle seisiúin aonaracha a bheith acu chun an Ghaeilge a fhoghlaim ar líne agus nó snas a chur ar an Ghaeilge atá acu cheana féin.

Seisiúin Spraíúla do Dhéagóirí

Is comhfhiontar é an tionscnamh seo idir Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Cumann na bhFiann, agus meánscoileanna sa cheantar a bhfuil an Ghaeilge á teagasc iontu.  Trí imeachtaí idirghníomhacha ar líne gheobhaidh déagóirí ag léibhéil éagsúla deis aithne a chur ar a chéile, spraoi a bheith acu tríd an teanga agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Beidh na himeachtaí ar fad saor in aisce do na daoine óga agus duaiseanna ar fáil dóibh fosta.

Ceardlann Cheoil do Pháistí Óga

Beidh seisiún ar siúl ar líne le scéalaí agus ceoltóir den scoth ó phobal na Gaeilge.  Déanfaidh Seán Ó Muireagáin agus Edel Ní Churraoin ceardlann cheoil agus scéalaíochta do pháistí óga agus le seó puipéid mar chuid dó.

Togra Luas-Léitheoireachta le Bunscoileanna an Cheantair

Is comh-fhiontar é seo idir an Chomhairle agus na Bunscoileanna Lán-Ghaeilge sa cheantar.  Seolfar pacáiste chuig na scoileanna uilig a mbeidh leabhair Ghaeilge agus ceachtanna sultmhara ann.  Tabharfar deis do na daltaí scoile suas le deich leabhar a léamh agus ceachtanna idirgníomhacha a dhéanamh chun léiriú go bhfuil na leabhair léite acu.  Beidh duaiseanna ar fáil do na léitheoirí óga.  D’éirigh go geal leis an scéim phíolóta den togra seo anuraidh agus tá Chomhairle sásta cur leis an togra i mbliana, le haoisghrúpaí eile agus le réimse leabhar níos leithne.

Grúpaí Áitiúla agus Acmhainní Ar Líne

Tá grúpaí Gaeilge agus daoine aonaracha fud fad an domhain ag eagrú a gcuid imeachtaí féin, cuid mhaith acu a bheas ar fáil ar líne.  Is féidir le Fóram an Dúin & Oirialla tú a choinneáil ar an eolas trí facebook.com/Fóram-an-Dúin-Oirialla maidir le himeachtaí ar líne agus acmhainní eile le linn Sheachtain na Gaeilge agus ar feadh na bliana.

Tá go leor grúpaí Gaeilge eile ag obair go dian sa chúlra chun tacú le daoine an teanga a cheiliúradh.  Thíos faoi tá liosta de ghrúpaí Gaeilge agus leathanaigh Facebook s’acu chun cuidiú leat níos mo a fhiosrú agus páirt a ghlacadh.

facebook.com/boirche.iochtar

facebook.com/CrotlieveIrishSociety

facebook.com/cumanngaelach.leathchathail

facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai

facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail

facebook.com/gaelphobalardmhachatheas

facebook.com/glor.uachtartire

facebook.com/milefailte15

Chomh maith leis sin, thíos faoi seo tá acmhainní iontacha eile chun cuidiú leat fáil amach faoi imeachtaí Gaeilge atá ar siúl cóngarach duit nó ar an taobh eile den domhan!

facebook.com/SeachtainnaGaeilge

instagram.com/snagaeilge

twitter.com/SnaGaeilge

www.peig.ie

www.snag.ie

Is féidir leat tuilleadh eolais ar Sheachtain na Gaeilge nó ar na himeachtaí thuasluaite a fháil trí rphost a chur chuig gaeilge@nmandd.org

nó ar www.newrymournedown.org/seachtain-na-gaeilge

Nótaí do Eagarthóirí

  • Trí Straitéis na Gaeilge agus trína Polasaí Dátheangachais, aithníonn Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin gur dlúthchuid de chreatlach cultúrtha, oidhreachta agus féiniúlachta an Cheantair í an Ghaeilge.
  • Chomh maith leis an fhoinse maoinithe seo, tá Aonad na Gaeilge ag feidhmiú i bhfoireann na Comhairle, agus tá na hoifigigh seo ar fáil do ghrúpaí pobail chun tacaíocht a thabhairt maidir le maoiniú a aimsiú le haghaidh imeachtaí agus ábhar Gaeilge a fhorbairt don phobal. 
  • Tá Aonad na Gaeilge ar fáil fosta chun Scéim Sparánachta Gaeilge a riar agus tá scéim na bliana seo go fóill oscailte do dhaoine ar mhaith leo cúrsa Gaeilge a dhéanamh roimh dheireadh mhí an Mhárta.  Beidh Scéim Sparánachta Gaeilge 2022-23 le hoscailt gan mhoill fosta agus beidh tuilleadh eolais ar an scéim sin ag teacht roimh i bhfad.

***

Celebrating Irish Language Week 2022 with Music, Storytelling, Literature and Fun Online Sessions

Newry Mourne and Down District Council will celebrate Seachtain na Gaeilge (Irish Language Week 2022) virtually this year through a specially commissioned programme of online content and events from 1 March through to St Patrick’s Day, 17 March. The festival is the largest celebration of Irish Language and Culture that takes place in Ireland and many other countries every year.

The online programme of events will provide the opportunity for everyone to engage with and enjoy the Irish Language through music, literature and fun online sessions. Whether you are new to the language or a lifelong learner, all participants will be made very welcome. Song and storytelling are two of the best ways to learn, develop and connect in a positive way with the language, and the online events will allow everyone to enjoy the mix of music and literature.

This year’s Irish Language Week will feature the vocal talents of local artists to include; Miadhachlughain O’Donnell from the Castlewellan area, Bláithín Mhic Cana and Piaras Ó Lorcáin from South Armagh.  

Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Cathy Mason said, “I am always delighted to see the local Irish language community coming together again to celebrate the language throughout our district during Irish Language Week. The Council has developed special projects and excellent events again this year, and I very much look forward to seeing new Irish language content on our social media channels.”

Key events for Seachtain na Gaeilge 2022 will include:

Virtual Concert

A special musical event will be central to our celebration of Irish Language Week 2022, a concert will be broadcast on Council’s YouTube channel and will be shared through its social media channels.  Shareable bitesize videos from the concert will showcase the wonderful musicians in our district including Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin agus Miadhachlughain O’Donnell. We will also hear the beautiful voice of Bernadette Morris as she joins the excellent line-up.

Online Tutoring Project

This online tutoring project is a joint venture between Conradh na Gaeilge Bhoirche Íochtar and Newry, Mourne and Down District Council.  Funded by the Council and implemented by CnaG Bhoirche Íochtar, this project offers more than 50 people in the district an opportunity to avail of one-to-one online session to learn Irish or to brush up on the Irish they already have.

Fun Online Sessions for Teenagers

This project is a joint venture between the Council, Cumann na bhFiann and secondary schools in the area in which Irish is taught.  Through online interactive events, teenagers at a variety of learning levels of the language, will get to know each other, have some fun through Irish and improve their language skills at the same time.  All these events will be free of charge to the young people and there will be prizes available.

Music and Story through Video

This event will consist of a series of ten short videos which will be hosted on the Council’s YouTube channel and will be shared across its social media channels. The videos, will showcase some of the talented musicians and storytellers in the district, including Gráinne Holland, Bláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin and Niall Comer.  English translations will be provided in transcript form through our YouTube channel, allowing everyone to sing along or even learn the words and find their own new performance piece.  

Accelerated Reading Project with Irish Medium Primary Schools

This is a joint initiative between the Council and the Irish Medium Primary Schools in the area.  Each school will be provided with a pack comprised of a selection of Irish language books and fun exercises. The pupils will be invited to read all ten books and complete the interactive exercises to demonstrate that they have read the books, with prizes available for the young readers. The pilot scheme of this programme was very successful last year, and Council is delighted to build on the project this year, involving other age groups and a wider range of Irish language book titles.

Local Groups and Online Resources

Irish Language groups and individuals the world over are organising their own events, many of which will be accessible online. Local Irish language community forum, Fóram an Dúin & Oirialla, through facebook.com/Fóram-an-Dúin-Oirialla can keep you up-to-date regarding online events and resources during Seachtain na Gaeilge and throughout the year. There are lots of other local Irish Language groups who work very hard behind the scenes to enable everyone to celebrate the language. Below is a list of Irish Language based groups on Facebook to help you find out more and become involved:

facebook.com/boirche.iochtar

facebook.com/CrotlieveIrishSociety

facebook.com/cumanngaelach.leathchathail

facebook.com/cumannGaelachNaomhMochai

facebook.com/Gaeláras-Mhic-Ardghail

facebook.com/gaelphobalardmhachatheas

facebook.com/glor.uachtartire

facebook.com/milefailte15

In addition, below are some other great online resources to help you find out what Irish Language events are going on near you or even on the other side of the world!

facebook.com/SeachtainnaGaeilge

instagram.com/snagaeilge

twitter.com/SnaGaeilge

www.peig.ie

www.snag.ie

For further information on Seachtain na Gaeilge or the events mentioned above please email gaeilge@nmandd.org

or visit www.newrymournedown.org/seachtain-na-gaeilge

  • Through its Irish Language Strategy and Bilingualism Policy, the Council recognises the Irish language as an integral part of the heritage, identity and cultural life of the district.
  • Specific funding is made available to Irish language projects through the Council’s Financial Assistance Scheme.  Call 1 for the current financial year has now closed but  Community groups can access further information for next year’s scheme by sending an email to gaeilge@nmandd.org or on www.newrymournedown.org/seachtain-na-gaeilge.
  • In addition to this funding source, the Council has an Irish Language Unit operating within the Council team, and these officers support Irish language groups in the area to access funding to develop projects and to attract new people to learn the language. 
  • Also, within the Irish Language Unit’s remit is administration of the Irish Language Bursary Scheme, and this year’s scheme is still open for anyone who wishes to complete an Irish language course before the end of March 2022.  The Irish Language Bursary Scheme 2022-23 will be opening soon and information on the coming year’s scheme will be circulated soon.