Council Recognises Irish Speakers Abroad On Culture Night

Council Recognises The Cultural Contribution of Irish Speakers Abroad for Culture Night 2021

Council Recognises The Cultural Contribution of Irish Speakers Abroad for Culture Night 2021

Tugann an Chomhairle aitheantas do na Gaeil thar lear mar chuid d’Oíche Chultúir 2021

Tá Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin i ndiaidh sraith nua de 10 bhfíseán Gaeilge le fotheidil a choimisiúnú dar teideal ‘Na Gaeil i gCéin’ mar chuid d’Oíche Chultúir 2021.  Maoinithe ag Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, tugann na físeáin spreagúla seo deis dúinn bualadh le Gaeil éagsúla a bhfuil cónaí orthu thar lear.

Tá na Gaeil ag dul ar imirce leis na cianta. Is nós coitianta é go fóill go dtéann daoine óga thar lear ag lorg oibre agus níos mó deiseanna fostaíochta.  Tugann na fiseáin bhríomhara, eolasacha seo léargas dúinn ar shaol an diaspóra sa lá atá inniu ann, ó Nua Eabhrac, go Las Vegas, agus chomh fada ar shiúl leis antSeapáin.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Comhairleoir Cathy Mhasún: “Tá lúcháir orm go bhfuil na 10 bhfíseán spreagúil seo á seoladh mar chuid de cheiliúradh na Comhairle ar ‘Oíche Chultúir 2021’. 

Newry Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Cathy Mason watching one of the ten Irish language videos, with English subtitles, in the series ‘Na Gaeil i gCéin, Irish Speakers Abroad’.

“Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag smaoineamh ar an Ghaeilge mar sheoid chultúrtha ar scála domhanda.  Tá cuid mhór ball de phobal na Gaeilge ag obair i ngairmeacha éagsúla fud fad an domhain, tumtha i gcultúr na tíre ina bhfuil siad lonnaithe.”

Sruthfar an tsraith de 10 ngearr-fhíseán dar teideal “Na Gaeil i gCéin” ar ardáin mheán shóisialta de chuid na Comhairle ón Aoine 17 Meán Fómhair.

Sa chéad fhíseán buailimid le Seosamh Mac Seoin as Béal Feirste ó dhuchás. Labhraíonn an Feirsteach óg faoina shaol mar aisteoir agus mar mhainicín i Nua Eabhrac, agus tugann sé súil siar ar sheachtainí faisin atá déanta aige i Nua Eabhrac, Londain agus i bPáras.

I measc na n-aíonna eile a bheas le feiceáil le linn na sraithe beidh ​​Pól Ó Finn, fear óg atá ag obair mar Chomhordaitheoir Idirnáisiúnta sa tSeapáin, castar Ciabhán Ó Murchú orainn, píolóta a bhfuil cónaí air sa Spáinn anois, tugann Brónagh Ní Chuilinn muid ar cuairt thart ar shráideanna Mhelbourne san Astráil, áit a bhfuil sí féin agus a pháirtí Kelvin ina gcónaí le breis agus dhá bhliain anuas.

Beidh an t-aisteoir, mainicín agus láithreoir teilifíse Gavin Ó Fearraigh ag insint dúinn faoin saol atá aige i Las Vegas Nevada, cluinimid ó Chonallach eile, Caoimhe Ní Chonchoille, atá anois ina cónaí i gCalifornia, áit a bhfuil a fear céile ar phostú taidhleoireachta, ag fanacht sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, téimid chomh fada le Florida, áit a bhfuil cónaí ar Chonchúr de Faoite.

Ina dhiaidh sin, tugann an t-aistritheoir, ceoltóir agus scríbhneoir Seaghan Mac an tSionnaigh léargas dúinn ar an saol sa Bhruiséil, tugann Méabh Ní Chualáin timpeall Chathair Londain muid agus ar deireadh buailimid le Séamus Ó Fianghusa, saighdiúir Meiriceánach agus Gael go smior atá ag tógáil a iníon le Gaeilge.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an togra seo seol ríomhphost le do thoil chuig

gaeilge@nmandd.org nó téigh chuig:

www.newrymournedown.org/gaeilge

Grianghraf 1

Amharcann Cathaoirleach Cheantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, an Comhairleoir Cathy Mhasún ar cheann de na 10 bhfíseán Gaeilge le fotheidil, a léiríonn cuntais spéisiúla domhanda de ‘Na Gaeil i gCéin’ ar ‘Oíche Chultúir’.

Council Recognises The Cultural Contribution of Irish Speakers Abroad for Culture Night 2021

Newry, Mourne and Down District Council has commissioned a series of 10 subtitled Irish language films entitled ‘Irish Speakers Abroad’ as part of Culture Night 2021. Funded by the Northern Ireland Executive, these enlightening films introduce us to a diverse range of Irish speakers who live abroad.

For centuries, there has been a history of emigration of Irish people.  This is still a common custom, with young people seeking work abroad, attracted by employment opportunities in international destinations.  These vibrant, informative videos give us an insight into the life of the diaspora in a modern-day context, taking us from New York to Las Vegas, and as far as Japan.

Newry, Mourne and Down District Council Chairperson, Councillor Cathy Mason said: “I am delighted to see these 10 inspiring videos launched as part of the Council’s celebration of ‘Culture Night 2021’. 

“It is important for us to reflect on the Irish language as a cultural treasure on a global scale.  There are many Irish speakers working in a variety of professions all over the world, each of them immersed in the culture of the country in which they are based.”

The series of 10 short films entitled ‘Na Gaeil i gCéin, Irish Speakers Abroad’ will stream on the Council’s social media platforms from Friday 17 September until Friday 8 October.

In the first video, we meet Seosamh Mac Seoin, originally from Belfast.  The young Belfast man talks about his life as an actor and model in New York, and he looks back to working in New York, London and Paris Fashion Weeks.

We go on to meet Pól Ó Finn, a young man who is working as an International Coordinator in Japan; Ciabhán Ó Murchú, a pilot who now lives in Spain, and Brónagh Ní Chuilinn who takes us on a tour of the streets of Melbourne in Australia, where she and her partner Kelvin have been living for over two years.

Later in the series we hear from actor, model and television presenter Gavin Ó Fearraigh, who tells us about his life in Las Vegas, Nevada, we hear from another Donegal native, Caoimhe Ní Chonchoille, who now lives in California, where her husband is on a diplomatic posting and, staying in the United States of America, we go to Florida, where Conchúr de Faoite lives. 

The translator, musician and writer Seaghan Mac an tSionnaigh then gives us an insight into life in Brussels, while Méabh Ní Chualáin takes us around London, and we finish up by meeting Séamus Ó Fianghusa, an American soldier and a Gael through and through who is raising his daughter with Irish.

Over the course of two weeks, audiences across the district will enjoy small snapshots of the interesting and sometimes exotic lifestyles of some of our Irish Speakers Abroad.

For further information on this initiative please email gaeilge@nmandd.org or visit www.newrymournedown.org/gaeilge