Glor Ár Linne to fund Irish language bands and artists for second year
Last year saw the launch of Glór Ár Linne (‘Voice of Our Generation’), an accelerator scheme for Irish language bands and artists. The initiative, run by Raidió Rí-Rá with support from Creative Ireland and Dublin City Council, aims to foster Irish language bands and artists with mentorship, performance opportunities, practical support, and creative spaces.
In its second year the scheme will provide:

- Training, mentorship and support
- workshops with industry professionals (in areas of songwriting, recording, live production, promotion and marketing)
- PR and social media support
- Songwriting sessions, studio opportunities and creative spaces
- A series of live events starting March 2026 in Dublin City Centre, providing a platform for new Irish language music
- Gig support and self-funding opportunities.
Glór Ár Linne will also act as an agency and curation service, building a database of musicians to present to festivals and events around the country. From this week Glór Ár Linne are asking artists – new and established – to register to become part of this network.
All artists can apply for the training scheme, while established artists can opt to be part of the roster that will be presented to festival and gig bookers during the year.
“All registered bands will be given opportunities to showcase their music in front of live audiences at festivals and exclusive gigs, including Féile na Gealaí and Electric Picnic, with the hopes of building on the momentum Irish language music and culture has gained in the past few years thanks to the likes of Kneecap, RÓIS, and Huartan.
Cara Dunne, formerly of Mongoose will be coordinating the mentorship element of the scheme: “The talent already exists, we want to offer direction and advice to artists who are serious about honing their craft, learning how to engage with the music industry, and bringing their music to audiences across the Irish festival circuit and international stages.”
Raidió Rí-Rá Station Manager Emma Ní Chearúil said: “The music industry can be difficult to navigate, especially for independent musicians.
“We hope to build a network that they can draw support and guidance from, and a space where they can connect with each other and with festivals, bookers, and other industry professionals. Raidió Rí-Rá always make Irish and Irish language a priority on air, and are excited to platform and play these new artists on both Raidió Rí-Rá and on Rí-Rá ar RnaG on RTÉ Raidió na Gaeltachta.”
“There has been a massive surge in artists creating as Gaeilge – and there has also been a huge increase in interest from listeners,” says Emma Ní Chearúil, “more and more festivals and venues are hoping to quench that thirst, and our aim is to be able to curate a roster of artists so that we can provide bookers with the best new Irish language acts in any genre.”
Applications:
Glór Ár Linne – Ceoltóirí Reatha
GLÓR ÁR LINNE: UASGHRÁDÚ TACAÍOCHTA DO CHEOLTÓIRÍ GAEILGE
CEOLTÓIRÍ Á LORG AG PRÍOMHPHOINTE TEAGMHÁLA AGUS TACAÍOCHTA CHEOL NA nGAEL
Seoladh, Glór Ár Linne, scéim tacaíochta do cheoltóirí Gaeilge anuraidh atá á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. I mbliana tá sé mar aidhm ag an scéim tuilleadh tacaíochta a sholáthair.
Tá sé i gceist anois tógáil ar an mbunscéim, agus na seirbhísí seo a sholáthair:
- Traenáil, meantóireacht agus tacaíocht phraiticiúil
- Ceardlanna leo siúd atá ag obair san earnáil (scríbhneoireacht, taifead, léiriúchán ceoil, margaíocht, agus eile)
- Tacaíocht preasa agus poiblíochta
- Seisiúin scríbhneoireachta, deiseanna stiúideo, agus úsáid spásanna cruthaitheacha
- Sraith ócáidí beo ó Mhárta 2026 i mBleá Cliath, a chruthóidh ardán nua do cheol na Gaeilge
- Tacaíocht agus maoiniú do ghigeanna féin-eagraithe
Anuas air seo beidh bunachar á thógáil agus gníomhaireacht ar bun idir cheoltóirí Gaeilge agus féilte agus ócáidí náisiúnta.
Ón tseachtain seo tá ceoltóirí agus bannaí – nua agus fadbhunaithe – á lorg le clárú don bhunachar agus seirbhís sep. Cuirfear fáilte roimh cheoltóirí tabhairt faoin scéim oiliúna, agus roimh cheoltóirí reatha clárú don bhunachar a chuirfear os comhair dreamanna ar nós Festival Republic, Electric Picnic, Féile na Gealaí, MCD agus eile.

Beidh oiliúint na scéime á stiúradh ag Cara Dunne, ceoltóir leis an mbanna Mongoose, agus dar léi: “tá an tallann ann cheana féin, níl le déanamh ach ardán a thabhairt dó. Táimid ag lorg ceoltóirí atá dáiríre faoina gceird, a bhfuil uathu foghlaim conas dul i ngleic leis an earnáil ceoil, agus a gceol a chur os comhair na sluaite ag féilte na hÉireann agus ar ardáin idirnáisiúnta.”
Dar le Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil go bhfuil “ról lárnach ag an gceol, cultúr agus na healaíona sa bhfís úr atá ag daoine óga ar mhaith leo saol trí Ghaeilge a thógáil, agus ba mhaith linn a chinntiú go gcuirtear ar bhóthar a leasa an chéad Kneecap, RÓIS nó Huartan eile agus iad ag déanamh iarrachta dul i bhfeidhm ar an earnáil cheoil.
“Tá craos ar éisteoirí anois tuilleadh ceoil Gaeilge agus Gaelach a chloisteáil, agus tá spéis úr ag féilte agus ionaid ceoltóirí le Gaeilge a chur ar ardáin,” a deir Emma. “Tá sé mar aidhm againn freastal ar an éileamh sin agus ceoltóirí Gaeilge a nascadh leis na féilte agus luchtanna féachana seo. Tá sé mar aidhm againn bunachar ceoltóirí a thógáil le gur féidir leo siúd a eagraíonn féilte teacht isteach ar an gceol úr Gaelach is fearr in aon seánra. Tá ceol na hÉireann agus ceol Gaeilge mar príomhthosaíocht ag Raidió Rí-Rá i gcónaí agus táimid ag súil le hardán a thabhairt do na ceoltóirí seo ar Raidió Rí-Rá agus ar Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.”
Iarratais:
Glór Ár Linne – Ceoltóirí Nua








