STRAITÉIS DRÉACHTA LE FORBAIRT NA GAEILGE A CHOSAINT AGUS A FHEABHSÚ
Táxa0cáipéis chomhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) ina bhfuil moltaíxa0maidir le straitéis le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú.
Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin fiche seachtain, ón Chéadaoin 11 Iúil go dtíxa0 an Mháirt 27 Samhain 2012.
Is éxa0cuspóir an phróiseas comhairliúcháin phoiblíxa0seo tuairimíxa0agus aiseolas a lorg maidir le hábhar na straitéise dréachta don Ghaeilge. Táxa0aidhmeanna, cuspóirí agus réimsí gnímh inti i dtaca leis an Ghaeilge a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhealach forghníomhach.
Is iad príomhaidhmeanna na straitéise dréachta don Ghaeilge:
- creat a chruthúxa0ina dtig leis an Ghaeilge bláthúxa0agusxa0ina dtig le gach duine ar mian leo í a úsáid déanamh amhlaidh i gcomhpháirt lena chéile;
- forbairt agus foghlaim na Gaeilge a chosaint agus tacaíocht a thabhairt dóxa0seo; agus
- tuiscint níos fearr ar chúlra na Gaeilge a chur chun cinn.
Is iad seo a leanas cuspóirí na Straitéise dréachta:
- líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu ar an Ghaeloideachas a mhéadú;
- líon na ndaoine a bhaineannxa0úsáid as seirbhísíxa0poiblíxa0tríxa0Ghaeilge a mhéadú;
- rochtain ar na meáin Ghaeilge a mhéadú.
Ar na príomhréimsíxa0gnímh tá: oideachas; seachadadh na Gaeilge sa teaghlach; riarachán, seirbhísí agus cúrsaí pobail; na meáin chumarsáide agus teicneolaíocht; reachtaíocht agus stádas na teanga; agus an saol eacnamaíochta.
Níxa0mór freagairtíxa0ar na ceisteanna lárnacha sa cháipéis agus aiseolas ar bith eile a chur ar ais tráth nach déanaí náxa05:00in Dé Máirt 27 Samhain 2012.
Tig leat freagairt a thabhairt ar an phróiseas comhairliúcháin ar líne ag an nasc thíos. xa0Is féidir leat, fosta, aiseolas ar ghné ar bith den straitéis dréachta a sholáthar i do rogha féin formáide.
Táxa0leagan Gaeilge agus leagan Béarla ar fáil. xa0Más fearr leat leagan clóite, níl le déanamh ach é a iarraidh. xa0Má tá an cháipéis chomhairliúcháin de dhíth ort i bhform
áid inrochtana, Braille, mar shampla, clostéip nó cló mór, déan teagmháil leis an chomhordaitheoir freagairtí.
DRAFT STRATEGY FOR PROTECTING AND ENHANCING THE DEVELOPMENT OF THE IRISH LANGUAGE
The Department of Culture, Arts and Leisure (DCAL) has prepared a consultative document containing proposals for a strategy for protecting and enhancing the development of the Irish language.
The consultation period will last for twenty weeks from Wednesday 11 July until Tuesday 27 November 2012.
The purpose of this public consultation is to seek views and feedback on the content of the draft Irish language strategy, which includes aims, objectives and areas for action to proactively protect, enhance and develop the Irish language.
The key aims of the draft Irish language strategy are to:
- create a framework where Irishxa0can flourish and be shared by all who wish to use it;
- protect and support the development and learning of Irish; and
- promote wider understanding of the background to the Irish language.
The strategy has the following objectives:
- to increase the number ofxa0those who can access Irish medium education;
- to increase the number of those that use public services through the Irish language; and
- to increase access to Irish language media.
Key areas for action include education; family transmission of Irish; administration, services and community; media and technology; legislation and status of the language; and economic life.
Responses to the key questions contained in the document and any other feedback should be returned no later thanxa05:00pm on Tuesday 27 November 2012.
You can respond to the consultation online at the link below. xa0You can, of course, provide feedback on any aspect of the draft strategy in any format that best suits your needs.
The document is available in English and Irish. xa0If you would prefer a printed version, it can be obtained on request. xa0Should you require the consultation document in an accessible format such as Braille, audio-tape or large print, please contact the response co-ordinator.
Email / Ríomhphost: xa0[email protected]
Telephone / Guthán:xa0028 90515057
| Post: | Response Co-ordinator | Comhordaitheoir Freagairtí | ||
| Language Strategies Team | An Fhoireann un Straitéisíxa0Teangacha | |||
| Department of Culture, Arts and Leisure | An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta | |||
| Level 7 | Leibhéal 7 | |||
| Causeway Exchange | Malartán an Chabhsa | |||
| 1-7 Bedford Street | 1-7 Sráid Bedford | |||
| Belfast BT2 7EG | Béal Feirste BT2xa07EG | |||






