Aoine na Gaeilge aims to encourage individuals, groups, and businesses to use their Irish regularly every month
Aoine na Gaeilge is back for 2025! This initiative, designed to inspire individuals, groups, and businesses to use the Irish language on a regular basis, will take place on the last Friday of every month. It provides a dedicated day to celebrate and practice Irish in everyday life.
Aoine na Gaeilge aims to build on the success of Seachtain na Gaeilge le Energia by encouraging people to incorporate Irish into their daily routines beyond March. Whether through organised events with friends, colleagues, or community groups, or by simply using your cúpla focal with strangers in shops, cafés, or on public transport, Aoine na Gaeilge is a fantastic opportunity to see and hear Irish more frequently.
Bláithín Nic an tSíthigh, Chairperson of Meitheal Aoine na Gaeilge, highlighted the importance of this initiative:
“Many people are encouraged to use their Irish during Seachtain na Gaeilge with Energia each year. We would love to build on this and select a specific day each month to celebrate the Irish language and encourage groups and companies to promote Irish on that day.”

Speaking at today’s launch, Brian Mac an tSionnaigh, Irish Language Development Officer from Ionad Uíbh Eachach said: “We are delighted to launch Aoine na Gaeilge here at Ionad Uíbh Eachach in Belfast. We are always striving to provide social opportunities through Irish for the community, and this is a great chance to highlight the Irish language events we hold on the last Friday of each month.”
Aoine na Gaeilge is a unique opportunity to make Irish more visible and audible in daily life. Whether you are fluent or just starting out, everyone is encouraged to take part and celebrate our language together.
For more information, visit snag.ie/anag.
The campaign Aoine na Gaeilge is funded by Foras na Gaeilge.
***
Seoladh ‘Aoine na Gaeilge’ Inniu ag Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste
Is é an sprioc le hAoine na Gaeilge ná spreagadh a thabhairt do dhaoine, do ghrúpaí agus do chomhlachtaí úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge ar bhonn leanúnach gach mí.
Tá Aoine na Gaeilge ar ais do 2025! Beidh an tionscnamh, atá deartha chun daoine aonair, grúpaí, agus gnólachtaí a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go rialta, ar siúl ar an Aoine dheireanach de gach mí, ag soláthar lá tiomnaithe chun an Ghaeilge a cheiliúradh agus a chleachtadh sa ghnáthshaol.
Tá sé mar aidhm ag Aoine na Gaeilge tógáil ar rath Sheachtain na Gaeilge le Energia trí dhaoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina ngnáthaimh laethúla tar éis mí an Mhárta. Is cuma trí imeachtaí eagraithe le cairde, le comhghleacaithe, le grúpaí pobail, nó trí chúpla focal a úsáid le strainséirí i siopaí, caiféanna, nó ar iompar poiblí, is deis iontach é Aoine na Gaeilge an Ghaeilge a fheiceáil agus a chloisteáil níos minice.
Leag Bláithín Nic an tSíthigh, Cathaoirleach Meitheal Aoine na Gaeilge, béim ar thábhacht an tionscnaimh seo: “ Bíonn go leor daoine spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia gach aon bhliain. Ba bhreá linn tógáil ar seo agus lá faoi leith a roghnú gach aon mhí le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus chun grúpaí agus comhlachtaí a mhealladh leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an lá sin. ”
Ag labhairt ag an seoladh inniu dúirt Brian Mac an tSionnaigh, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Ionad Uíbh Eachach: “Táimid an-sásta Aoine na Gaeilge a sheoladh anseo in Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste. Bímid i gcónaí ag iarraidh deiseanna sóisialta trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal agus is deis í seo aird faoi leith a dhíriú ar imeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl againn ar an Aoine dheireanach den mhí. “
Is deis ar leith í Aoine na Gaeilge leis an nGaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inchloiste sa saol laethúil. Is cuma más cainteoir líofa thú nó díreach ag tosú amach, spreagtar gach éinne páirt a ghlacadh agus ár dteanga a cheiliúradh le chéile.
Tuilleadh eolais ar snag.ie/anag








